Back to stories list
Tá Zama thar barr!
Tá Zama thar barr!
Zama is great!
Michael Oguttu
Vusi Malindi
Jacqueline de Brún
Jacqueline de Brún
The audio for this story is currently not available.
Regular PDFs (full-page)
Bilingual PDFs
Booklet PDFs (for printing)
Fanann mo dheartháir beag sa leaba go mall ar maidin. Éirím go luath, mar tá mise thar barr!
Fanann mo dheartháir beag sa leaba go mall ar maidin. Éirím go luath, mar tá mise thar barr!
My little brother sleeps very late. I wake early, because I am great!
Is mise an duine a ligeann an ghrian isteach.
Is mise an duine a ligeann an ghrian isteach.
I am the one who lets in the sun.
“Is tú réalta na maidine,” arsa Mam.
“Is tú réalta na maidine,” arsa Mam.
“You’re my morning star,” says Ma.
Ním mé féin, níl aon chabhair uaim.
Ním mé féin, níl aon chabhair uaim.
I wash myself, I don’t need any help.
Ní miste liom an t-uisce fuar agus an ghallúnach ghorm bhréan.
Ní miste liom an t-uisce fuar agus an ghallúnach ghorm bhréan.
I can cope with cold water and blue smelly soap.
Cuireann Mam i gcuimhne dom, “Ná déan dearmad ar na fiacla.” “Ní dhéanfaidh mé, cinnte!” a fhreagraím.
Cuireann Mam i gcuimhne dom, “Ná déan dearmad ar na fiacla.” “Ní dhéanfaidh mé, cinnte!” a fhreagraím.
Ma reminds, “Don’t forget teeth.” I reply, “Never, not me!”
Agus mé nite, tugaim beannachtaí an lae do Dhaideo agus Aintín.
Agus mé nite, tugaim beannachtaí an lae do Dhaideo agus Aintín.
After washing, I greet Grandpa and Auntie, and wish them a good day.
Ansin cuirim orm mo chuid éadaí, “Tá mé mór anois, a Mham,” a deirim.
Ansin cuirim orm mo chuid éadaí, “Tá mé mór anois, a Mham,” a deirim.
Then I dress myself, “I’m big now Ma,” I say.
Is féidir liom na cnaipí a dhúnadh agus na búclaí a cheangal.
Is féidir liom na cnaipí a dhúnadh agus na búclaí a cheangal.
I can close my buttons and buckle my shoes.
Déanaim cinnte go bhfuil nuacht na scoile ar eolas ag mo dheartháir beag.
Déanaim cinnte go bhfuil nuacht na scoile ar eolas ag mo dheartháir beag.
And I make sure little brother knows all the school news.
Sa rang déanaim mo dhícheall le gach uile rud.
Sa rang déanaim mo dhícheall le gach uile rud.
In class I do my best in every way.
Déanaim na rudaí seo gach lá. Ach an rud is fearr liom ná súgradh agus spraoi!
Déanaim na rudaí seo gach lá. Ach an rud is fearr liom ná súgradh agus spraoi!
I do all these good things every day. But the thing I like most, is to play and play!
Written by: Michael Oguttu
Illustrated by: Vusi Malindi
Translated by: Jacqueline de Brún
Read by: Jacqueline de Brún